Imleabhar: CBÉ 0148

Dáta
9 Nollaig 1935
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 429

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 429

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    do an t-Athair Donnchadh Ó Teacháin agus cailleadh é agus
    tá sé curtha i Mainistir Dhair Fhinán (é.) Bhí sé caillte annsan thoir i nDair Fhinán Beag mar a bhfuil Donnchadh Ó Curráin ’n-a chómhnuidhe, annsan a cailleadh é. Bhí sé a’ léigh Aifrinn sa t-seana shéipéal san thoir ’dtaobh ’bhus do’n
    abhainn mar a bhfuil Éamonn Ó (ic) Cearail, annsan bhí sé a léigh’ - annsan a cailleadh é go
    h-áirithe, agus do bhí bean bhocht annsan toir ar Dair Fhinán Beag mar a raibh sé agus cailleadh a clann agus bhí aon chailín - aon inghean amháin aici agus do mhair sí sin cupla bliadhain agus do tháinig breoidhteacht errthí sin ’gus do cailleadh í i gcionn tamaill agus d’iarr a’ mháthair errthi teacht chúichi agus í féinig a thusbáint di ar shlíghe éiginteach ar slíghe is go dtabharfadh sí - Seadh! sa bhFóghmhar annsan - deire an Fhóghmhair amach - do tháinig sí - bhí sí a’ crú na bó agus nuair
    a - ar a línn di eiriúghadh agus an bhó crúidhte aici do bhí an ingean ar a h-aghaidh amach agus chaith sí uaithi - leog sí uaithi an galún agus chuaidh
    sí agus bheir sí b’róg ar an ingín. "Fanfadh tú agam anois, a dhalta," ar sise . "Ó, n’fhiadfainn é,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir