Imleabhar: CBÉ 0148

Dáta
9 Nollaig 1935
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 534

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 534

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. Tá áit ’dir Chíll a’ Ghoirtín agus Cathair Shamháin
    go dtugaidh siad (1 Clais An Áthán Doimhin air
    agus do chídhtí gadhar reguláltha annsan, Do
    chualadh daoíne chríona ’á rádh go minic, agus do
    thagadh sé as a ngadhar go n-úmpuíoch sí
    amach ’n-a spríd agus go marbhuíoch sí daoine,
    agus do bhíos-sa a’ gabháilt oidhche an áit chiadna
    a’ teacht ó’n Snaídhm ar - tímpal ’dir a
    h-aon agus a dó a chlog -agus bhíos istig sa chlais
    agus ’chonnac an ungna ghadhair - d’fhiach sé angna
    mhuar ’dir mé agus an solus - oidhche ná raibh ao’
    ghealach un ach do bhí sí ana-gheal - agus nuair
    a bhíos-sa chlais agus an gadhar os mo chionn
    in-áirde, d’fhiach sé dhom go raibh oiread
    beithídhig un. "Seadh!", ar-sa, "á fhaid a bhíonn
    a’ poithín a’ dul go dtí an tobhar tuiteann
    a’ tón as, agus ’á fhaidh dómh-sa amuich is
    baoghlach liom go bhfuil -", nuair a chualadh
    (1.Isleán má clais atá ar a’ mbóthar ’dir Cill a’ goirtín
    agus Cathair Shamhain, tuairm is leath-slí ’dir an dá áit.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir