Imleabhar: CBÉ 0148

Dáta
9 Nollaig 1935
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 251

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 251

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. Bhí gabha un fudó agus bhí sé ag obair agus ceárdcha ’ge agus bhí sé ana- bhocht chun gur tháinig fear chuige lá go raibh sicéad gorm air agus capall
    aige. D’fhiafraigh sé dhe a’ dtabharfadh sé dho iasuíocht na ceárdchainn go gcuirfeadh sé
    iarainn fé’n gcapall. Dubhairt a’ gabha go ndianfadh agus do dhin sé set iarainn do’n chapall agus nuair a bhí an t-iarann dianta aige, chuaidh sé amach
    agus do gheárr sé na ceithre cosa ó’n gcapall agus
    do chaith sé isteach sa cheárdchainn iad agus do
    bhuail sé na cruidhte fútha, agus nuair a chuaidh sé amach leis na cosa bhuail sé suas fé’n
    gcapall arís iad cómh maith is - bhí an capall cómh maith is bhí sí riamh. "Seadh ’nois," dubhairt sé leis a ngabha, ar seisean, "níl aon t-seans," ar seisean, "go bhfiadfá-sa é seo ’dhianamh," ar sesean. "N'fheadar", ars an gabha, ar seisean
    "ná ceapaim ná raibh aon cheárd ar sin", ar seisean,
    "ach na cosa," ar seisean, a ghearradh dho’n chapall."
    "Is chuma dhuit," ar seisean, "cé an cheárd atá air," ar seisean, "ní dóigh liom go bhfiadfá é dhianamh" ar seisean,
    "ná buinn leis," ar seisean, "é seo ’dhianamh," ar seisean.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    5 Nollaig 1935
    Cineál míre
    Seanchas
    Innéacs seanscéalta
    AT0753: Christ and the Smith
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir