Imleabhar: CBÉ 0148
- Dáta
- 9 Nollaig 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)5
ghal
tin
24
Chun
suas go bóg i go garbh, go dtí gur eirig sé suas
in’ fear láidir, gu la dhosna laéthannta, ní
raibh aca ach tig beag, d’eirigh sé as a’ leab-
aidh is bhí an máthair imthighthe amuich a’ bail-
eacha, is do bhuail sé a cheann i n-áirde ar
a’ maide snaidhmthe agus do ghorthuig sé é féinig
Tháinig i bhfuirm feirge air a’s níor dhin
sé ach a dhá láimh a thabhairt le mhullach a’
tíghe agus a’ ceann a chaitheamh do’n tig. Nuair
a tháinig a mháthair abhaile ar ball is do
chonnaic sí an tig leagaidhthe do bhuail sí
a basa agus do dhírith sí ar ghol, cad a dhi.
nfaidís nuair a bhí an tig leagaidhthe.
d Seán léi gan bhuaidhreamh a bheith errthi
mar go ndianfadh sé féin tig di a b’fheárr
ná é.
Thosnuig sé annsan ar bheith a bail-
eacha chloch agus cré agus do dhin sé tig maith, muar,
láidir i mbeagán aimsire - ar feadh coicíghis.
nuair a bhí an falla dianta aige do chuaidh
ins a’ choíll do bhí i n-athchomaireacht dó agus do
thug sé leis admud agus do chuir sé ceann ar
a’ dtig agus scraith. Chuaidh sé annsan go dtí
duin’ uasal a bhí i n-athchomáireacht do agus d’iarr(leanann ar an chéad leathanach eile)