Imleabhar: CBÉ 0180

Dáta
1936–1936
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0180, Leathanach 048

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0180, Leathanach 048

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Ins a t-sean-am bhidhfidhe an uile bhliadhain a marbhadh éanacha thuas ar a Tor Mhór.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    a marbhadh éanacha thuas ar a Tor Mhór.
    I n-am a droch-shaoghail chuaidh baicle suas lá amháín, agus bhí ’n t-ocras ag ’ul san
    am, agus fágadh fear aca thuas leis an ocras agus ní rabh ’n chuid eile ábalta a thabhairt abhaile. Cuireadh é ar laftan
    beag go díreach leath-bealaigh eadar mullach a tuir agus an fhairrge, agus tá sé curtha annsin ó’n lá sin go dtí lá indiú,
    Jack Ó Baoghaill a’ t-ainm a bhí air as baile Chillte Feannaid.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Bhí beirt fhear thoir annseo a'n am amháin, agus d'imthigh siad amach go Sliabh a' Tuaidh a dheánamh poitín.

    .....Ach a chéad braon a
    tháinic anuas caitheadh amach é innseoir bhunadh na gcruc, agus h-iarradh ortha sin a ól. Thosuigh an poitín a theacht agus ní thiocfadh soithigh a fhághail dó bhí sé a teacht comh tréan sin. Tá sé ’na ghrás i gcomhnuidhe an chéad bhraon a chathamh innseortha ag eagla go n-oibearfad siad beart
    ar bith air.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir