Imleabhar: CBÉ 0180

Dáta
1936–1936
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0180, Leathanach 047

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0180, Leathanach 047

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Ins a t-sean-aimsir bhí 'n námhaid ag 'ul siar thall Poinnte Luachruisc am Chroimail, agus é a marbhadh na ndaoiní.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    bhí ’n oidhche ann ag ’ul isteach dó, agus chuaidh sé isteach i dteach ann. Bhí siad ag ithe
    préataí agus smután aca sa teinidh, agus a bhascóid(1) ar aghaidhe na teineadha. D’iarr
    Cromail ortha éirigh agus coinneall a lasadh
    "Níor fhás an fhiog ariamh i dToraigh," arsa fear aca.
    "Bhail níor mharbh mise an nduine ariamh gan solus," arsa seisean. Thionntodh sé ar a chois agus tháinic sé amach arais. Níor mharbh sé a'n nduine i dToraigh

    (1) (The-basket) An soitheach deánta de shlatacha a rabh na préataí oirthi,
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.