Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)

Suíomh:
Inis Meáin, Co. Galway
Múinteoir:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 10_011

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 10_011

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Meáin
  2. XML Leathanach 10_011
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean ann fadó agus bhí sí ar bhruach aille. I gcionn tamaill tháinig fear aici agus bhí olc mór aige dhi. Dubhairt an fear léi: "céard é sin thíos ag snámh ar an bhfairrge," Shíl an bean nach ag ínnseacht aon bhréag a bhí sé agus bhreathnuigh sí síos agus nuair a chonnaic an fear í ag breathnuigh síos níor rinne sé ach í a chaitheamh síos san bhfairrge. Lá amháin na dhiaidh sin chuaidh currach amach ag iasgach agus chonnaic an trúir fear a bhí sa gcurrach í ar bhárr an uisge agus í ag snámh. Acht bhí eagla ar na daoine mar bhí sé an deirnach agus bhíodar ag ceapadh gur bó a bhí innte ag an dath a bhí ar a cóta. Mar sin féin chuinnigheadar orra ag iomradh agus d'fanadar amuigh ar feadh na hoidhche ag iascach agus bhíodar ag fághail go leór iasg. At deireadh deirigh an fhairrge agus dárduigh sé cuin
    féócain agus béigin dóibh a teacht i dtír. Ar a mbealach dóibh casadh an bean arís orra agus dúbhairt sí go mbáithfí iad mar gheall nar thóigeadar í féin agus b'fior di. Nuair a bhiodar i mbéal an chladaigh, tháínig tonn mór isteach sa gcurrach agus báitheadh iadh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micil Ó Meachair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceathrú an Teampaill, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Bartle Ó Meachair
    Inscne
    Fireann