Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)

Suíomh:
Béal an Daingin, Co. Galway
Múinteoir:
Séamus Ó Tomhnra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 142

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 142

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tuairín
  2. XML Leathanach 142
  3. XML “An Súisín Bán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (Súisín = ól)
    'Sé súgh an ghráin eorna' tharrnuigheas gleo troid agus bruidhean
    Luach an óil go deó ní bhfuigheadh choidhche ' n
    Nó go n-athruighdh an chóir agus an gaoith a dhul ó dheas
    Ach is liomsa an phóg agus go deó na ndilleann an bhean
    Thíos i Sligeach a chuir mise eolas ar na mnáibh.
    Agus thuas ag Gaillimh 'seadh d'ól mé leó mo sháith
    Dar bhrígh mo bhaistidh mar a leigidh siad dhom-sa sheal mar t (?)
    Déanfaidh mise cleas deas a racfas i bhfaidhm ar na mnáibh
    Agus rinne mise cleas i dteach Uí Dhómhnaill aréir
    Agus an dara cleas i dteach an ósta le na thaoibh
    Agus tríomhadh cleas níl gar dhom ag innseacht mo sgéil
    Gur chuir an cailleach amach le Chasadh an t-Súgáin mé
    Agus tháinic mise isteach i dteach dha uair roimh a lá
    Bhí cailín deas ann ar a Cúlán romham ar lár
    Níor bhreathnuigheas tharm go h-iseal ná go h-árd
    Nuair a thóigeamar a gcos agus gur bhogamar an súisín bán
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Tomhnra
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Peadar Ó Ceallaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Tuairín Mín, Co. Galway