Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)
- Suíomh:
- Béal an Daingin, Co. Galway
- Múinteoir: Séamus Ó Tomhnra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tuairín
- XML Leathanach 138
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí beirt fhear ag siubhal in éindigh fadó. Éireannach agus Sasanach a bhí ionnta agus bhí an bheirt acu ann bhocht amach is amach.”
Bhí beirt fhear ag siubhal in éindigh fadó. Éireannach agus Sasanach a bhí ionnta agus bhí an bheirt aca ann bhocht amach is amach.
Ach bhí an bheirt aca a' rádh le chéile go mbadh críona é féin ná an ceann eile.
Bhí an bheirt aca ag goid éadach agus rud le n-ithe chuile uair a d'féadfaidís é ach sa deire ní thiubharfadh aon duine aon cheo dóibh ach chuile dhuine ghá gcur uaidh féin, acht ba ghearr nac leigfeadh an faitchíos dhóibh dhul go dtí duine ar bith. Ach an lá seo bhí ann ocras ortha agus tháinic siad ingar do theach agus ní raibh ceactar aca sásta a thígheacht isteach. Ach chuaidh an t-Eireannach isteach i dtosach agus bhí an Sasanach ag ceapadh go marbhóchadh an té bhí istigh é. Nuair a tháinic an t-Eireannach go dtí an doras bhuail sé é agus h-osgluigheadh an doras agus cé bhí sa teach ach sagart.
D'fiafruigh an sagart dhó céard a bhí air. "Casadh ministéar mór orm" adeir sé "agus bhí mé ag ceapadh go raibh airgead go leor aige agus mharbhuigh mé é le h-aghaidh an t-airgead a bhaint dhó ach ní raibh pighinn aige" "Tá sé chomh maith dhuit faoisdean a thabhairt dhom" adeir an fear. "Crocfar mé mar gheall(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Tomhnra
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Ceallaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Tuairín Mín, Co. Galway