Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)

Suíomh:
Béal an Daingin, Co. Galway
Múinteoir:
Séamus Ó Tomhnra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 122

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 122

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tuairín
  2. XML Leathanach 122
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí baintreach ann fadó agus ní raibh ins an teach ach í féin agus a triúr ingean. Bhí garrdha beag amach ar aghaidh an tíghe agus gabáiste curtha ann, agus bíodh rud eicínt ag ithe an ghabáiste.

    Bhí baintreach ann fadó agus ní raibh ins an teach act í féin agus a triúr ingean. Bhí garrdha beag amach ar aghaidh an tíghe agus gabáiste curtha ann, agus bíodh rud eicínt ag ithe an ghabáiste.
    An oidhche seo dubhairt an ingean ba sine go ngabhfadh sí féin amach ag faire an gharrdha gabáiste
    Chuaidh sí amach agus thug sí feac láighe léithe Ní raibh sí a bhfad ann nuair a tháinic an fathach mór agus chrom sé ag ithe an gabáiste
    Nuair a chonnaic an cailín é bhuail sí den feac é.
    Ghreamuigh lámha an cailín san bhfeac agus ghreamuigh an feac don fathach agus d'árduigh an fathach leis go dtí a chaislean féin í
    Ar maidin lá ar na bháireach bhí an fathach ag dhul amach a' fiadhach agus dubhairt sé léithe go bhféadfadh sí chuile sheomra san gcaisleán a shiubhal ach aon t-seomra amháin
    Chuaidh sí ag siubhal na seomraí agus nuair abhí siad siubhalta uilig aice ba mhaith leithe fios a beith aice céard a bhí ins an seomra eile agus chuaidh sí isteach anna gus chonnaich sí go leor daoine marbh ann. Chuimil sí a méar don fhuil abhí ann. Ghreamuigh an fhuil dá méar - agus chinn uirthe í a bhaint amach Nuair a tháinic an fathach d'fiafruigh an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Tomhnra
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Seosamh Mac Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Béal an Daingin, Co. Galway