Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)

Suíomh:
Béal an Daingin, Co. Galway
Múinteoir:
Séamus Ó Tomhnra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 099

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 099

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tuairín
  2. XML Leathanach 099
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Chuaidh Sabh Ní Shúileabháin - bean as an Tuairín - ag iarraidh tobac saor don Spidéal fadó...

    Chuaidh Sabh Ní Shúileabháin - bean as an Tuairín ag iarraidh tobac soir don Spidéal fadó agus nuair abhí sí ag dul soir thar Aill Na gCraoidh (Gry) d'fosgail an aill isteach agus tugadh isteac ann í Fuair sí neart le n-ithe is le n-ól ann. agus chonnaic sí sean fhear ag caoineadh sa gclúid "Céard atá ort" ar sí leis an bhfear
    "Tá mé le fágáil in áit bó Mhártan Uí Thuathail i ndoir' Fhatharta mór i mbárac agus gheobhfaidh mé droc uasáid 'gom tharraingt siar ag an taoile"
    "Dia linn 'a mhic ó" deir Sabh Ní Shúileabháin
    Tugadh siar i seomra eile í agus bhí sean fhear mór millteach caillte ann
    "Cé níghfeas é seo" adeir Bainrioghan na Bruidhne
    "Cé níghfeadh é ná a ghlanfadh é ac Sabh Ní Shúileabháin" a deir cailín a bhí ann
    "Cé bhéarfas é" a deir Bainrioghan na Bruidhne
    "Cé bhéarfadh é ac Sabh Ní Shúilebháin"
    Cé leagas ós chionn cláir é ac Sabh Ní Shúileabháin"
    Nuair abhí na trí ráidhte ráidhte aca
    "Muise go deamhan ná gon Diabhail ní níghfidh Sabh ní Shúileabháin é"
    Rugadh ar thóin is ar cheann uirthe agus caitheamh amach as an mbruigheann í agus caitheamh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Tomhnra
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Áine Bean Peadar Uí Ceallaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Tuairín Mín, Co. Galway