Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)
- Suíomh:
- Béal an Daingin, Co. Galway
- Múinteoir: Séamus Ó Tomhnra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tháinic luicín beag isteach agam
Ní ar mhaithe liom a bhí sí
Ghearr sí slaibhrín deas orm
Ba deacair dhom a shníomhadhMarach fígheadóir maith bhí i bhfabhar liom
Ní ghrúdhóchainn aon Phighinn Choidhche air
Chuir Réamonn "Cook" thar daingean í
is a "character" léi sgríobhtaIs a Réamonn "Cook" mo bheannacht dhuit
Dia go gCuiridh an t-ádh ort
Go Neartaigh Sé do Charaid
Is go lagaidh Sé do NámhaidMar Chuir tú thar Na "Passaunaí"
An luch a ghearr an Snáithe
D'ionntuigh sí Cois Fhairrge
Chuir "Challenge" ar na blácaighCasadh Máirtín Ceannuighe
dhom
Is é teacht isteach ó Luimneach
Rug sé ar an ticéad
Is d'fiafruigh sé cé sgríobh é
Réamonn Cook as Ghorumna nó n-aithnigheann tú ar a druim é.- Bailitheoir
- Séamus Ó Tomhnra
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Ceallaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Tuairín Mín, Co. Galway