Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)

Suíomh:
Béal an Daingin, Co. Galway
Múinteoir:
Séamus Ó Tomhnra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 001

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 001

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tuairín
  2. XML Leathanach 001
  3. XML “Peigín Adely”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Peigín "Adely"
    Tá sgéilín beag le fada agam
    Faoi bhaintreabh - Peigín "Adely"
    a raibh comhnuidh uirthi Tígh Neachtain
    Thuas ar bhárr a'chnuic
    Chuala Tuathal Mhuimseach??
    gur bean i ar theastuigh fear uaithe
    Bheannuigh sé ar maidin ann
    Ag fiafruigh an raibh sí istigh
    'Séard dubhairt Máire bhreathnach "Seo í ar an teallach í
    Táim ag súil le seachtmhain leat
    Is nach fada bhí tú amuigh"
    Éirigh 'nois is searr thú féin
    'gus siubhalfaimuid na garrdhannta
    Is go dtuga muid an seanchas
    ar a áit a bhfuil tú ag dul
    Más seanchus atá ag teastáil auit
    Is gur bé sin thug an baile tú
    Chuala mé a dul tharam é
    Nach raibh ad (agat)ach caora is bó
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Tomhnra
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Mairghéad Ní Loingsigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Béal an Daingin, Co. Galway